Bhean A Ti lyrics
Song information
Artist: Clannad Album: Clannad In Concert
Lyrics
Ó éirigí suas a thogha na bhfear Is cuirigí píce 'r bharr gach cleith Is leagaigí síos iad lucht an droch-chroí Agus cuirigí dlí na frainc' ar bun Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?
Tá jug ar an mbord is tá beoir ag teacht Tá arm go leor ag an duke of york Tá 'n francach 's an spáinneach ar bhruach na trá Agus b'fhearr liom go mór é ná comhrá ban Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?
Ó shuigh mise síos 's mo mhian le m'ais Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear; Sé dúirt bean a' tí den chomhrá mhín Gan airgead síos bí 'gabháil amach Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?
[from http://lyrics.doheth.co.uk]
"Clannad In Concert" album track list
|