Seachran Charn Tsiaill lyrics
Song information
Artist: Clannad Album: Magical Ring
Lyrics
Ar mo tharraingt siar go carn tsiail dom Go haonach bliantúil n féil' muire mór Tharla an ainnir as an taobh aniar dom Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós
Bheannaíos féin go preab don mhaighdean Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór D'fhiafir mé féin dí 'raibh aon fhear in éirinn A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród D'fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg Go mb'annamh a chonaic sise sac ma éideadh Ar fhear ag bréagadh cailín óg
A chúileann fáinneach, má thug mé grá duit Ná cuir I gcás mé fá bheith gan dóigh Agus gheobhaidh tú aoibhneas ar hallaí bána Fíon na spáinne gheobhair seal le hól D'fhiafir sí domhsa an mar siúd ba ghnách liom Bheith ag siúl na n-ardán ar bheagán stró Is é duirt mé léithi nár chleacht mise 'athrach Ach ainnir álainn agus gloine ar bord
Níl siúd áit ó íochar fhanad Nach bhfuil mé I ngrá le bean nó dhó Bean sna rosa thiar I mín na manrach Ó thaobh ghleann átha 'go dtí 'n mhucais mhór Dís I mbaoilleach, dis I mbáineach Bean in árainn 's a chois ghaoth dobhair Ó leitir ceanainn go dtí mullach gháigin 'S go curraoin mhanuis a chois an róid
[from http://lyrics.doheth.co.uk]
"Magical Ring" album track list
|